15. D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach cén fáth nach bhfuil bogearraí ríomhaireachta OCR, atá in ann bun-siombail aibítir na Gaeilge, an fada, a aithint, ag an bPríomh-Oifig Staidrimh; agus an ndéanfaidh sé cinnte de go mbeidh a leithéid acu gan mhoill chun go gcomhlíonadh siad a mbun-dualgais ina n-iomláine go cruinn, go háirithe maidir leis an Teanga Náisiúnta. (Question 17814/18 asked on 02 May 2018 - Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge)

Minister of State at the Department of the Taoiseach (Deputy Joe McHugh) (Deputy Joe McHugh): Bhain an CSO leas as bogearraí Aithint Optúil Carachtar (OCR) mar chuid den oibríocht próiseála i nDaonáireamh 2016. 
Nuair a bhí na ceistiúcháin daonáirimh bailithe ón bpobal ag an bhfoireann allamuigh, cuireadh ar ais chuig an CSO iad agus scanadh iad. Is ionann na ceistiúcháin scanta go bunúsach is grianghraf de na freagraí lámhscríofa agus déanann siad taifeadadh go cruinn ar phríomhcharachtair na...